News
Top Oil, Bóthar Thuama, Gaillimh fógartha mar ‘Threibh Nua na Gaillimhe’ ag Bronnadh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2016
I searmanas speisialta a bhí ar siúl in Óstán an Westwood, Déardaoin, an 12 Bealtaine 2016, fógraíodh gurbh iad Top Oil, Bóthar Thuama, Gaillimh príomhbhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh. Bhronn Iar-Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh T.D., Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar an bhfoireann a bhí i láthair ó Top Oil, Gaillimh. Píosa álainn dealbhóireachta leis an ealaíontóir clúiteach Pádraic Reaney atá sa Ghradam, agus 14 Threibh na Gaillimhe léirithe ann, mar aon le “Treibh nua na linne seo” mar shiombail de bhuaiteoir Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh agus de na buaiteoirí eile a bheidh ann amach seo.
Bhí breis is 100 duine i láthair ag an ócáid bhronnta, ionadaithe ó gach chuid de shaol na Gaillimhe a d’fhreastail ar an ócáid d’fhonn ceiliúradh a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i ngnólachtaí na cathrach agus ar stádas na Gaillimhe mar chathair dhátheangach – an chéad chathair dá leithéid in Éirinn